Siúl & Gaeilge
A chairde, táimid ag atosnú na siúlóidí agus táimid chun siúl i gClochán Mhac Choinn Taobh Thall den Ghóilín amáireach 28 Deireadh Fómhair ag 11:00 am.
Is iad John agus Marian Murphy a bheidh ina dtreoraithe linn ar an tsiúlóid.
Tá a fhios againn gur fógra gearr atá ann ach ba mhaith linn tosnú anois - braithimid uainn na siúlóidí agus an chuideachta bhreá bhríomhar shiúlóirí Uíbh Ráthaigh!
Seo an áit ina mbeimid ag tosnú.
Chomh maith leis sin, táimid ag déanamh grúpa whatsapp i gcomhair na siúlóidí chun a chéile a chur ar an eolas an bhfuil mórán ag teachta agus an bhfulimid chun am na siúlóide a athrú nó an tsiúlóid a chur ar ceal de bharr na haimsire. Fágaigí bhur sonraí anseo le bhur dtoil agus cuirfimid sibh leis an ngrúpa.