Gnó, Spórt, Ealaín

Tá roinnt mhaith tacaíochta ar fáil do ghnóthanna, do chlubanna spóirt agus do thograí ealaíne trí scéimeanna eagraíochtaí stáit. Féach thíos an bhfuil tacaíocht ar fáil duitse.

Cuireann Brí Uíbh Ráthaigh tacaíocht phraiticiúil ar fáil chomh maith - aistriúchán, teanga phraiticiúil do do ghnó agus fógraíocht. Bí i dteagmháil linn agus pléifimid conas is féidir linn cabhrú leatsa.

Gnó

USP atá sa Ghaeilge d’Uíbh Ráthach. Tá a fhios ag go leor daoine in Éirinn go bhful ceantar Gaeltachta anseo agus go bhfuil an áit go hálainn chun saoire a chaitheamh ann.

Tá Gaeilge ag 1.7 milliún Éireannaigh, tá 65,000 dalta in Éirinn ag freastal ar scoileanna Gaeilge agus tá a dtuismitheoirí bródúil as agus déanann a ndícheall chun tacaíocht a thabhairt dóibh. Tá os cionn 100 ionad sna Stáit Aontaithe ina bhfoghlaimítear Gaeilge agus 1.1 milliún duine ar fud an domhain ag foghlaim Gaeilge le duolingo.

Léiríonn taighde Bhrí Uíbh Ráthaigh ar chuairteoirí le Gaeilge, ó Éirinn agus ó thar lear, go bhfuil fachtóir na Gaeltachta an-tábhachtach agus iad ag roghnú Uíbh Ráthach le teacht anseo ar saoire.

 
 

Bí i dteagmháil linn chun fáil amach conas is féidir leat an Ghaeilge a dhéanamh níos sofheicthe agus níos sochloiste i do chomhlacht nó i do eagraíocht agus cad iad na deiseanna tacaíochta atá ann chun do sprioc a bhaint amach.

 

Tacaíochtaí do do Ghnó

Scéim Tacaíochta Gnó ar fáil ó Fhoras na Gaeilge chun suas le 50% de chostas chomharthaíochta agus suíomh idirlín atá i nGaeilge nó dátheangach a chlúdach.

Tá tacaíocht do ghnóthanna ar fáil ó Údarás na Gaeltachta

An bhfuil comharthaíocht i nGaeilge ag do ghnó?
An labhraíonn sibh Gaeilge le bhur gcustaiméirí?
Is féidir aitheantas a fháil ó Fhoras na Gaeilge trí Gradaim Gnó. Cláraigh do ghnó anseo agus beimid i dteagmháil leat chun cabhrú leat feiceálacht agus úsáid na Gaeilge a mhéadú agus Gradam a bhaint amach.

Seo dhá ghradam eile atá ann do ghnóthanna le Gaeilge:

Q-Mharc Gnó le Gaeilge

Gradam Margaíochta le Gaeilge – All Ireland Marketing Awards

Cláraigh do ghnó ar GaelGoer – aip a úsáideann cainteoirí agus foghlaimeoirí Gaeilge le gnóthanna a fháil ar fud na hÉireann ina bhfuil seirbhís i nGaeilge ar fáil.

Tá acmhainní do do ghnó ar fáil ó Fhoras na Gaeilge ach iad a ordú anseo.

 

Tacaíocht a thugann
Brí Uíbh Ráthaigh

Frásaí do oibrithe siopaí agus caiféanna

Frásaí do chustaiméirí

Má tá aistriúchán ag teastáil uait - bí i dteagmháil linn.

Más maith leat go n-inseoimis faoi do ghnó do dhaoine ar mhaith leo níos mó eolais a fháil mar gheall ar dheiseanna Gaeilge a úsáid agus iad ar cuairt in Uíbh Ráthach - bí i dteagmháil linn.

Fógraíocht ar ár meáin shóisialta

·        Facebook 1000

·        Instagram 1250

Comharthaí Gaeilge

“Labhair Gaeilge liom” mar chuid de éide an ghnó


Spórt

 
 

 

 Ealaín