Ár bhFoireann
Victor Bayda
Is é Victor Bayda Oifigeach Pleanála Teanga Chiarraí Theas.
Tá céim dochtúireachta sa teangeolaíocht bainte amach aige ó Ollscoil Mhoscó agus bhí sé ag obair ansin ag léachtóireacht sa Ghaeilge go dtí 2019 nuair a thosaigh sé sa phost in Uíbh Ráthach.
Micheál Ó Sé
Is é Mícheál Ó Sé an tOifigeach Oideachais i gcomhar le Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí.
Is as Cathair Saidhbhín ó dhúchas do Mhícheál. Dhein sé céim san oideachas in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.
Is é cuspóir an Oifigigh Oideachais ná cabhrú le daltaí scoileanna Uíbh Ráthaigh níos mó teagmhála a dhéanamh le Gaeilge i gomhthéacsanna eile seachas an rang scoile. Tá sé tábhachtach eispéireas neamhfhoirmeálta spraíúil a chothú i measc na aois óig agus iad ag plé leis an teanga agus tá obair Mhíchíl Uí Shé dírithe air sin go sonrach.
Áine Uí Bheoláin
Is í Áine Uí Bheoláin bainisteoir Chomhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh, ceanneagraíocht sa phróiseas pleanála teanga i gCiarraí Theas.
Is as Cathair Dónall ó dhúchas d’Áine. Tá na blianta caite aici ag obair sa réimse seirbhísí pobail.