CONAS CAINTEOIR DÁTHEANGACH A THÓGAINT
Duine atá in ann dhá theanga a labhairt (ní hamháin a thuiscint) is ea cainteoir dátheangach gníomhach.
Labhraíonn ar a laghad leath de dhaonra an domhain dhá theanga nó níos mó.
Is gnáthrud é an t-ilteangachas, ní eisceacht.
Buntáistí
Oideachas – aird níos fearr – an cháilíocht is luachmhaire maidir le gnóthachtálacha acadúla agus ginearálta, is fusa é staidéar a dhéanamh ar scoil agus ar feadh shaol an duine
Meon – oscailteacht, níos fusa cumarsáid a dhéanamh le cultúir eile, níos fusa teangacha eile a fhoghlaim
Sláinte – níos lú riosca Alzheimers i ndaoine scothaosta
Deiseanna fostaíochta:
• Teilifís agus raidió – linn níos lú, níos éasca post a fháil
• 20% de lucht na státseirbhíse Gaeilge acu faoi 2030
• Teanga oifigiúil an AE go hiomlán
ó 2022 – poist in Éirinn agus san Eoraip
• Líon na Gaeilge ag méadú i gcónaí scoileanna ar fud na tíre
Spraoi – tá sé an-spraoi a bheith in ann níos mó ná ceann amháin a úsáid teanga, tá sé taitneamhach a bheith glactha i níos mó comhthéacsanna sóisialta agus tuilleadh eispéiris a roinnt
An ndúirt tú riamh: ”Ba mhaith liom níos mó Gaeilge a úsáid”? Tapaigh an deis! Labhair í ag baile!
Níl do chuid Gaeilge foirfe? Ná lig dó seo tú a stopadh! -
Ní múinteoirí iad do leanaí agus ní bheidh siad do do cheartú!
Is deis é seo do chuid Gaeilge a chleachtadh gan strus!
Is fearr i gcónaí dhá theanga ná teanga amháin a thabhairt do do leanaí!
Conas?
Cuireann leanaí fuinneamh isteach i rudaí a fhoghlaim a bhraitheann siad a bhfuil gá acu leo.
Is teanga an mhóraimh in Éirinn é an Béarla atá le feiscint agus le cloisint go fairsing sa phobal - is soiléir don leanbh an gá atá leis agus ní bhíonn fadhbanna ag leanaí é a phiocadh suas.
Is teanga mhionlaithe í an Ghaeilge nach bhfuil le feiscint nó le cloisint chomh fairsing sin sa phobal - níl gá soiléir sa timpeallacht í a shealbhú agus dá bharr sin caithfidh na tuismitheoirí gá saorga a chur ar fáil le n-í a labhairt:
Is í an Ghaeilge an teanga a úsáideann tuismitheoir amháin ar a laghad ag baile an t-am ar fad;
Tá daoine ann nach féidir leo ach Gaeilge a labhairt leo.
Coimeád súil air go bhfuil fíor-ghá ag do leanbh sa teanga fós.
Straitéisí
Teanga mionlaithe ag baile – an straitéis is fearr, ach beidh ar an mbeirt tuismitheoirí í a labhairt
Tuismitheoir amháin - teanga amháin – bheadh breis tacaíochta ag teastáil ar nós:
An teaghlach: faigh ball den teaghlach a d’fhéadfadh cloí le Gaeilge agus iad ag caint leis an leanbh;
An pobal: faigh ball den phobal a d’fhéadfadh cloí le Gaeilge agus iad ag caint leis an leanbh;
iarr ar eagarthóirí imeachtaí pobail cinntiú go bhfuil daoine ann a d’fhéadfadh freastal ar do leanbh i nGaeilge.
Cuireann mo leanbh ceist i mBéarla orm? Cad is féidir liom a dhéanamh?
Triail cur ina luí ar an leanbh, más féidir, nach dtuigeann tú ach Gaeilge – an straitéis is fearr.
Nó abair an cheist arís i nGaeilge, ag soiléiriú gur thuig tú i gceart í - agus ansin d’fhreagair i nGaeilge.
Cinntigh go n-úsáideann tú Gaeilge lasmuigh den tigh chomh maith – tá sé tábhachtach chun go mbeadh ag an leanbh:
Saghasanna éagsúla focal agus struchtúr teanga;
Muinín Gaeilge a labhairt i gcásanna eile.
Léirigh go bhfuil Gaeilge úsáideach – naíonra, naíolann agus scoil i nGaeilge, féách ar chartúin i nGaeilge, téigí go háiteanna arb í an Ghaeilge an phríomhtheanga iontu.
Conas is féidir linne
cabhrú leat?
Ócáidí sóisialta do thuismitheoirí
Teagmháil duine-le-duine le tuismitheoir eile le Gaeilge
Siamsaíocht do leanaí agus thuismitheoirí
Scéalaíocht, ceol, péinteáil, ealaín, rince, drámaíocht
Leabhair, dlúthdhioscaí, DVDanna, cluichí boird
Eolas ar acmhainní ar an idirlíon
Eolas agus cabhair i dtaobh leanaí a thógaint go dátheangach
Cabhair i dtaobh Gaeilge a fhoghlaim nó feabhas a chur ar do chuid Gaeilge
Tacaíocht do na naíonraí agus do na scoileanna