Cúrsaí Gaeilge

 

Cúrsaí le Brí Uíbh Ráthaigh agus Cathair Saidhbhín le Gaeilge

Beidh cúrsaí Gaeilge ag leibhéil éagsúla ar siúl ar fud Uíbh Ráthaigh ar feadh 10 seachtaine in Eanáir - Márta 2026.

  • Glantosnaitheoirí (níor fhoghlaim tú Gaeilge ar scoil)

  • Atosnaitheoirí (bhí Gaeilge agat ar scoil ach tá sí dearúdta agat)

  • Cúrsaí dóibh siúd gur féidir leo comhrá simplí a dhéanamh

Is iad Brí Uíbh Ráthaigh agus Cathair Saidhbhín le Gaeilge atá ag eagrú na cúrsaí seo.

cláraigh
this information in english
 

Cúrsaí le bord oideachais agus oiliúna chiarraí

Cúrsaí Teastas Eorpach na Gaeilge

in Ionad Uí Chonaill i gCathair Saidhbhín.
Teagascóir: Eoghan Ó Beaglaoich (Corca Dhuibhne)
Fad: 15 seachtaine

Cúrsa struchtúrtha agus deis scrúdú a dhéanamh tar éis an chúrsa chun an leibhéal a dheimhniú.
Is fiú go mór an deis seo a thapú do éinne ag an meánleibhéal seo más maith leo dul chun cinn suntasach a dhéanamh thar tréimhse 15 seachtaine.

Leibhéil / Levels:

  • B1 Meánleibhéal Íseal

  • B2 Meánleibhéal Ard

Ionad Uí Conaill
066 947 2414.

Ealaín & Gaeilge / Art & Irish

in Tech Amergin sa Choireán:
066 947 8956

this information in english