DEISEANNA ÚSÁIDE
Cruthaímid deiseanna do dhaoine le Gaeilge nó atá ag foghlaim Gaeilge bualadh lena chéile i gcomhthéacsanna nádúrtha: ócáidí, siúlóidí, ciorcail chomhrá srl.
Deiseanna Comhrá
LUAN
Ar líne, Ciorcal comhrá ar líne do mhuintir Uíbh Ráthaigh, 20:00. Cláraigh anseo.
MÁIRT
An Caladh/Port Mhic Aoidh, an halla pobail, an seomra cruinnithe, 10:30 am
An Gleann (do thosnaitheoirí / for beginners), Ionad Pobail, 11 am
Siúlóidí le Gaeilge, Gach seachtain i rith an tsamhraidh bíonn siúlóidí Gaeilge ar siúl in Uíbh Ráthach. Brí Uíbh Ráthaigh a eagaíonn siúlóid ar sheachtain amháin agus Cathair Saidhbhín le Gaeilge ar sheachtain eile. Bí ag faire ar a gcuntais mheán sóisialta instagram agus facebook ‘Brí Uíbh Ráthaigh’ agus instagram agus facebook 'Chathair Saidhbhín le Gaeilge’ chun eolas a fháil ar an tsiúlóid is déanaí, 6:30 pm
DÉARDAOIN
Cathair Saidhbhín, caiféanna éagsúla, féach instagram agus facebook 'Chathair Saidhbhín le Gaeilge’, 10 am.
Cathair Saidhbhín (do thosnaitheoirí / for beginners), caiféanna éagsúla, féach instagram agus facebook 'Chathair Saidhbhín le Gaeilge’, 11 am.
Cathair Saidhbhín, an leabharlann, 6:30 pm.
AOINE
Cathair Dónall, caiféanna éagsúla, féach instagram agus facebook ‘Brí Uíbh Ráthaigh’, 11 am
Cuas Cromtha, Sána Gaeilge, lorg ‘Sána Gaeilge’ faoi ‘Book sauna’ ar www.skelligsauna.ie, 6 pm ('Cathair Saidhbhín le Gaeilge’ a eagraíonn)
Tá na hócáidí i gCathair Saidhbhín agus i gCuas Cromtha á n-eagrú ag ‘Cathair Saidhbhín le Gaeilge’, Plean Teanga Chathair Saidhbhín.
Ar mhaith leat féin Ciorcal Comhrá nó Maidin Chaife a thosnú i do cheantar? Bí i dteagmháil!
Éigse na hAoine
Sraith imeachtaí cultúrtha i nGaeilge in Uíbh Ráthach.
Is é cuspóir na n-imeachtaí seo ná deis a thabhairt do chainteoirí agus d'fhoghlaimeoirí Gaeilge bualadh le chéile i gcomhthéacs nádúrtha imeachtaí rialta sóisialta.
Tá tulleadh eolais faoi Éigse na hAoine ar fáil ar shuíomh idirlín Chomhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh anseo.
Imeachtaí do Thuismitheoirí agus Leanaí
Bíonn imeachtaí á n-eagrú ag Brí Uíbh Ráthaigh, Tús Maith agus Tuismitheoirí na Gaeltachta do thuismitheoirí a úsáideann Gaeilge ag baile nó ar mhaith leo é a dhéanamh agus dá leanaí.
Más maith leat a bheith ar an eolas fúthu, bí i do bhall de ghrúpa whatsapp ‘Gaeilge ag baile UR’.
Grúpa Whatsapp
Ar mhaith leat a bheith ar an eolas is déanaí a bhaineann le pobal na Gaeilge in Uíbh Ráthach?
Bí páirteach sa ghrúpa whatsapp UR ag Caint!
Tá an grúpa seo ann chun ceisteanna a chur agus a phlé faoi rudaí a bhaineann le hUíbh Ráthach.
Na Meáin Shóisialta
Lean Brí Uíbh Ráthaigh ar na meáin shóisialta agus beidh tú i gcónaí ar an eolas faoi shaol phobal na Gaeilge in Uíbh Ráthach!
Siúl & Gaeilge
Is áit álainn é Uíbh Ráthach agus cén tslí níos fearr chun am a chaitheamh anseo ná dul ar shiúlóid. Agus má théann tú ar shiúlóid le daoine le Gaeilge - seo deis iontach duit roinnt uaireanta an chloig a chaitheamh ag spalpadh Gaeilge i gcuideachta deas cairdiúil!
Bímid féin agus Cathair Saidhbhín le Gaeilge ag eagrú siúlóidí gach seachtain timpeall Uíbh Ráthaigh. Chun a bheith ar an eolas is déanaí faoi shiúlóidí, bí ag faire ar ár gcuntais meán sóisialta.
Más maith leat a bheith ar an eolas faoi na siúlóidí agus faoi aon athruithe a bhaineann leo, bí páirteach i ngrúpa whatsapp na siúlóidí.
Imeachtaí sóisialta
Deinimid ár ndícheall pobal na Gaeilge a thabhairt le chéile agus deiseanna a thabhairt do chainteoirí dúchais, cainteoirí líofa agus dóibh siúd nach bhfuil chomh líofa sin, teacht le chéile i gcomhthéacsanna réachúiseacha neamhfhoirmeálta agus aithne a chur ar a chéile.
Bíonn eolas faoi na himeachtaí seo ar ár suíomh idilrín sa rannóg ‘Nuacht’ agus ár meáin shóisialta.