Gaeilge suas 10% in Uíbh Ráthach - an scéal ar Nuacht TG4 agus Raidió na Gaeltachta
Gaeilge suas 10% in Uíbh Ráthach!
Seo scéal ar Nuacht TG4. Míle buíochas le foireann Nuacht TG4 as an scéal a chlúdach!
Seo mír faoin gcruinniú ar Nuacht a hAon, Raidió na Gaeltachta. Ár míle buíochas le foireann Nuacht an Deiscirt as an scéal a chlúdach.
Príomhfhigiúirí:
tá méadú 10% tagtha ar líon na gCainteoirí Laethúla Gaeilge (lasmuigh den chóras oideachais) i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh - an chéad uair a bhfuil an figiúir seo ag dul suas;
is é seo an dara méadú is airde i meas na nGaeltachtaí ar fad;níos mó ná 75% de na daoine atá ina gcónaí i gCiarraí Theas agus bhí páirteach inár suirbhé ar úsáid na Gaeilge: le ceithre bliana anuas tá níos mó daoine ina dtimpeallacht a bhfuil siad ag labhairt Gaeilge leo.
Tuilleadh eolais anseo.