Gaeilge suas 10% in Uíbh Ráthach!

Bhí cruinniú eolais iontach againn aréir sa Chomhchoiste!

Míle buíochas le gach éinne a tháinig!

Príomhfhigiúirí ón gcur i láthair a dhein Oifigeach Pleanála Teanga Ghaeltacht Chiarraí Theas Victor Bayda:

  • méadú 10% tagtha ar líon na gCainteoirí Laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh - an chéad uair a bhfuil an figiúir seo ag dul suas;
    is é seo an dara méadú is airde i measc na nGaeltachtaí ar fad;

  • níos mó ná 75% de na daoine atá ina gcónaí i gCiarraí Theas agus bhí páirteach inár suirbhé ar úsáid na Gaeilge: le ceithre bliana anuas tá níos mó daoine ina dtimpeallacht a bhfuil siad ag labhairt Gaeilge leo.

Tá Gaeilge in Uíbh Ráthach suas 10%!

Comhghairdeachas linn ar fad a chairde!

 
Brí Uíbh Ráthaigh