DEISEANNA ÚSÁIDE

 
 

Ciorcail Chomhrá & Maidineacha Caife

Bíonn Ciorcail Chomhrá ar siúl gach seachtain ar fud Chiarraí Theas. Tá siad ar sos don samhradh ach bí ag faire ar ár suíomh idirlín agus ár meáin shóisialta ó mhí Mheán Fómhair ar aghaidh chun eolas a fháil faoi an bhfuil ciorcal comhrá i do cheantar. Nó b’fhéidir gur mhaith leat ceann a thosnú ach níl a fhios agat conas? Bí i dteagmháil linn! Beimid sásta cabhrú leat i ngach slí ar féidir linn!

Bíonn Oícheanta Comhrá ar siúl gach seachtaine ar an Luan ar líne.
Chun nasc a fháil cláraigh anseo.

Bíonn Maidineacha Caife ar siúl i gceantracha éagsúla Uíbh Ráthaigh.
Chun a bheith ar an eolas faoi cá bhfuil Maidin Chaife ar siúl, bí ag faire ar ár leathanach Nuacht agus ar ár gcuntais meán sóisialta.

 

Grúpa Whatsapp

Bí páirteach sa ghrúpa whatsapp UR ag Caint atá ann do phobal na Gaeilge in Uíbh Ráthach! Tá an grúpa ann chun ceisteanna a chur agus plé a dhéanamh faoi rudaí a bhaineann le hUíbh Ráthach. Beidh tú ar an eolas i gcónaí faoi na rudaí a bhíonn ar siúl ag Brí Uíbh Ráthaigh chomh maith.

Más maith leat a bheith páirteach, seol téacs chuig 0872153671 le teachtaireacht ‘UR ag caint’ agus d’ainm agus do sheoladh.


Na Meáin Shóisialta

Lean Brí Uíbh Ráthaigh ar na meáin shóisialta agus beidh tú i gcónaí ar an eolas faoi shaol phobal na Gaeilge in Uíbh Ráthach!


Siúl & Gaeilge

Is áit álainn é Uíbh Ráthach agus cén tslí níos fearr chun am a chaitheamh anseo ná dul ar shiúlóid. Agus má théann tú ar shiúlóid le daoine le Gaeilge - seo deis iontach duit roinnt uaireanta an chloig a chaitheamh ag spalpadh Gaeilge i gcuideachta deas cairdiúil!

Bímid ag eagrú siúlóidí gach seachtain timpeall Uíbh Ráthaigh. Chun a bheith ar an eolas is déanaí faoi shiúlóidí, bí ag faire ar ár leathanach Nuacht agus ar ár gcuntais meán sóisialta.

Más maith leat a bheith ar an eolas faoi na siúlóidí agus faoi aon athruithe a bhaineann leo, bí páirteach i ngrúpa whatsapp na siúlóidí.