Meitheal Pleanála Teanga ag lorg baill nua
Dul chun cinn
Tá a fhios agaibh cheana féin go bhfuil:
méadú 10% tagtha ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh ó 2016;
méadú ar líon na ndaoine a bhfuilimid ag labhairt Gaeilge leo;
meon níos fearr i leith na Gaeilge in Uíbh Ráthach.
Tá tuilleadh eolais faoi na staitisticí seo anseo.
An pobal
É seo ar fad a bhuí leis an iarracht ollmhór pobail atá déanta le roinnt blianta anuas!
Tá sé tábhachtach go mbeadh guth an phobail lárnach sa phroiséas seo agus is féidir é a dhéanamh tríd an Meitheal Pleanála Teanga - an áit inar féidir leat do thuairimí a roinnt agus moltaí a thabhairt faoi conas Gaeilge a chur chun cinn i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh.
Baill nua
Táimid ag lorg baill nua agus más suim leatsa nó má tá duine i do chlub nó ar do choiste a bheadh sásta teacht ar an gcoiste, bí i dteagmháil linn le do thoil.
066 9474888
087 2153671
pleanteangaur@gmail.com
Más lasmuigh den Ghaeltacht atá tú i do chónaí i gCiarraí Theas – is é Nascadh Uíbh Ráthaigh an coiste go bhféadfá dul i dteagmháil leis ag nascadhur@gmail.com.
Agus tá coiste i gCathair Saidhbhín chomh maith - Cathair Saidhbhín le Gaeilge.