An Ghaelainn in Uíbh Ráthach

Is í príomhaidhm Phlean Teanga Chiarraí Theas 2019-2026 ná cur le forbairt Uíbh Ráthaigh
trí úsáid na Gaelainne a mhéadú sa cheantar.

 
An Ghaelainn in Uíbh Ráthach 1851.png

Léiríonn daonáireamh 1851

Léiríonn daonáireamh 1851 go raibh Uíbh Ráthach i measc na gceantracha i láidre ó thaobh labhairt na Gaelainn, níos láidre, mar shampla, ná Corca Dhuibhne.

 
An Ghaelainn in Uíbh Ráthach 1926.png
An Ghaelainn in Uíbh Ráthach 1956.png
An Ghaelainn in Uíbh Ráthach 2007.png
 

An Ghaelainn i nGaeltach Uíbh Ráthaigh

 
 

Léiríonn daonáireamh 1926 go raibh 74% ina gcainteoirí Gaelainn i gCeantar Tuaithe Chathair Saidhbhín. Níos déanaí, áfach, tháinig laghdú tapaidh ar Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh.

Tá líon na gcainteoirí Gaelainne ag dul i laghad le blianta anuas agus de réir daonáirimh 2016 tá 121 cainteoir laethúil Gaelainne lasmuigh den gcóras oideachais i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh, sin tuairim is 7% den daonra.

 
An+Ghaelainn+i+nGaeltach+Ui%CC%81bh+Ra%CC%81thaigh.jpg

Ciallaíonn sé seo go bhfuil duine as 15 ina chainteoir laethúil Gaelainne agus tá cumas labhartha Gaelainne ag 9 as 15.


 

Is é an cuspóir atá ag an bPlean Teanga ná líon na gcainteoirí laethúla agus líon na ndaoine a bhfuil cumas labhartha Gaelainne acu a mhéadú.

Má chomhlíontar an cuspóir seo beidh:

• buntáistí an dátheangachais,

• nasc níos láidre leis an dúthaigh,

• fíor-rogha idir an dá theanga – ag muintir Uíbh Ráthaigh.

Tá sé suntasach go bhfuil roinnt mhaith daoine lasmuigh Ghaeltacht in Uíbh Ráthaigh agus cumas agus suim acu sa Ghaelainn.

Tugann Plean Teanga Chiarraí Theas deis do gach duine in Uíbh Ráthach a bheith páirteach sna gníomhartha atá beartaithe sa Phlean agus a gcuid Gaelainn a chleachtadh.

Tusa an Ghaelainn!