3,000 Plean Teanga

 

Tá os cionn 1,700 duine istigh i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh agus os cionn 3,000 duine in Uíbh Ráthach. Is í aidhm Phlean Teanga Chiarraí Theas ná go mbeadh os cionn 3,000 Plean Teanga aonair ann – go mbeadh a Phlean Teanga féin ag gach duine in Uíbh Ráthach.

 
 

Dein do Phlean Teanga féin!

Tabhair spreagadh duit féin.
Samhlaigh tú féin ag labhairt na Gaelainne amach anseo...

 
vendors_06.jpg

Tá sé d’acmhainn agat rudaí a athrú

Cén áit a labhraíonn tú í?

• Cé leis?

• Cad a bhraitheann tú agus tú á labhairt?

• An mbíonn tú bródúil?

• An mbaineann tú sásamh as?

 

 
vendors_04.jpg

Is féidir leat é a dhéanamh le chéile nó mar dhuine aonair

An gnáthrud duit é Gaelainn a labhairt?

• An bhfuil tú ag déanamh gnó trí Ghaelainn? • An labhraíonn tú Gaelainn le do chairde?
• Le do chomharsan?
• Le cuairteoirí?
• Le comhghleacaithe?
• Le leanaí?

 
 
vendors_03.jpg

Léirigh neart do phobail

Conas atá do cheantar anois agus níos mó Gaelainne ann?

• An bhfuil daoine níos sasta?
• An bhfuil níos mó suime ag cuairteoirí ann?
• An bhfuil an pobal níos láidre?

 
vendors_02.jpg

Bí mórtasach as do theanga féin

Tabhair leat abhaile í. Is cumhachtach an t-athrú is féidir linn a dhéanamh.

• An labhraíonn tú Gaelainn le do chairde?

• An bhfuil tú ag tógáil clainne le Gaelainn?

 

 
 
vendors_07.jpg

Bí ag léamh

http://www.tuairisc.ie/

 

Bí ag féachaint ar chláracha do gach aois.

http://www.tg4/ga/player/baile

 

Faigh focal agus brú cnaipe chun cloisint conas a deirtear é.

http://www.focloir.ie/

Íoslódáil cláracha raidió agus bí ag éisteacht leo arís agus arís eile.

http://www.rte.ie/rnag/podcasts

 
 
 

Agus tá meitheal an Phlean Teanga i gcónaí ann chun do cheist faoin nGaelainn a fhreagairt!