Scoil Cheoil an Earraigh
Beidh an Scoil ar siúl idir 14 agus 18 de mhí Feabhra.
Tá clár na Scoile ar fáil anseo: https://scoilcheoil.com/.
Tá 2 thuras i mbliana!
1) Turas do rang 5 agus 6 bunscoile - 3 bliain meánscoile
2) Turas do dhaoine óga 15-17 bliana d'aois.
1. Turas do rang 6 bunscoile - 3 bliain meánscoile
Beidh na seisiúin cheoil ar siúl 10:00-13:00.
Beidh beirt de na tuismitheoirí ag teacht leis an ngrúpa.
Beidh bricfeasta, lón agus dinnéar ar fáil le bean an tí.
Beidh bus ar fáil ó Uíbh Ráthach go Corca Dhuibhne ar an 14ú Feabhra agus abhaile ar an 18ú Feabhra.
Tá an turas dírithe ar dhaltaí Rang 6 bunscoile agus 1-3 bliain meánscoile.
€150 praghas an turais an duine
2.Turas do dhaoine óga 15-17 bliana d'aois.
Tá Ealaín na Gaeltachta ag eagrú turas do ghrúpa daltaí 15-17 bliain d'aois chomh maith.
Tá an costas céanna €150 ag baint leis an turas seo.