POST LÁNAIMSEARTHA OIFIGIGH ÓIGE IN UÍBH RÁTHACH

Is tionscadal píolótach trí bliana é an post seo a thabharfaidh deis do dhaoine óga in Uíbh Ráthach sóisialú agus páirt a ghlacadh i gcláir agus i ngníomhaíochtaí trí mheán na Gaeilge.

Beidh an tOifigeach Óige freagrach as obair óige uilíoch a chur ar fáil do dhaoine óga in Uíbh Ráthach. Beidh an tOifigeach Óige fostaithe ag Foróige agus ag comhoibriú le hOifigigh Pleanála Teanga Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh agus Chathair Saidhbhín agus leis na daoine óga.

Spriocdháta 2 Deireadh Fómhair.

Brí Uíbh Ráthaigh