Folúntas: Oibrí Óige in Uíbh Ráthach

POST LÁNAIMSEARTHA
OIBRÍ ÓIGE in Uíbh Ráthagh
á thairiscint ag Foróige
€37-51,000
Spriocdháta 7 Lúnasa

Is tionscadal úrnua agus nuálach é seo a thabharfaidh deis do dhaoine óga sóisialú agus páirt a ghlacadh i gcláir agus i ngníomhaíochtaí trí mheán na Gaeilge. Is tionscadal píolótach trí bliana é an tionscnamh seo, atá faoi réir maoinithe agus meastóireachta.

Tá an t-eolas ar fad faoin bpost ar fáil ar shuíomh idirlín Fhoróige.

Le blianta, bhíomar ag déanamh cás do phost lánaimsertha Oifigigh Óige le Gaeilge in Uíbh Ráthach, post atá luaite mar bheart i bPlean Teanga Chiarraí Theas. Thosnaíomar ar an bhfeachtasaíocht i 2019 agus thóg sé na blianta seo ar fad chun é a thabhairt go dtí an pointe nuair atá an post á thairiscint. Táimid thar a bheith sásta gur éirigh linn agus go mbeidh seirbhís Ghaeilge ar fáil d’óige Uíbh Ráthaigh.

Ba mhaith linn buíochas a ghabháil le hOifig na hÓige ag Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí as tacaíocht a thabhairt don chás seo agus é a thabhairt go dtí an pointe seo.
Ár mbuíochas chomh maith leis an Roinn Oideachais agus Óige as an tsuim a léiriú sa togra agus glacadh leis ar bhonn píolótach agus maoiniú a thabhairt dó.

Tá an post seo á chómhaoiniú ag:

  • Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh trí Brí Uíbh Ráthaigh, Plean Teanga Chiarraí Theas,

  • An Roinn Oideachais agus Óige,

  • Glór na nGael agus Comhairle Contae Chiarraí trí Cathair Saidhbhín le Gaeilge,

  • Muintearas.

Brí Uíbh Ráthaigh