Máistreacht le DCU in Uíbh Ráthach: Seisiún eolais AR LÍNE
MSc sa Bhainistíocht & Gnó Digiteach le DCU in Uíbh Ráthach
Beidh seisiún eolais faoin gcúrsa MSc le DCU sa Bhainistíocht agu Gnó Digiteach a bheidh ar siúl in Uíbh Ráthach i 2024-2026, Dé Céadaoin an 10 Iúil ag 6:30 pm ar líne.
Chun an nasc a fháil, líon an fhoirm thíos, le do thoil.
AN CÚRSA
MSc páirtaimseartha. Múintear an cúrsa thar dhá bhliain: 3 dheireadh seachtaine sa seiméastar:
2 dheireadh seachtaine in Uíbh Ráthach;
deireadh seachtaine amháin ar champas DCU i mBaile Átha Cliath.
Tá sé mar aidhm ag an MSc sa Bhainistíocht agus Gnó Digiteach mic léinn a ullmhú le bheith ag obair mar theicneolaithe, bainisteoirí, oideachasóirí, fiontraithe agus nuálaithe — róil a bhfuil an-tóir orthu i ngeilleagar faisnéise an lae inniu.
Cuirfear an cúrsa seo ar fáil de réir éilimh agus trí mheán na Gaeilge.