Tacaíocht do chúrsa 3ú leibhéal trí Ghaeilge

An bhfuil tú chun tabhairt faoi chúrsa ollscoile trí Ghaeilge?

Tá tacaíocht againn duit!

Más spéis leat, bí i dteagmháil inn ag pleanteangaur@gmail.com nó 0872153671.

Tacaíocht do chúrsa Baitsiléireachta trí Ghaeilge

Má roghnaíonn tú cúrsa Baitsiléireachta trí Ghaeilge (ní gá gur faoin nGaeilge a bheadh sé) a dhéanamh, is féidir le Brí Uíbh Ráthaigh tacaíocht €700 a thabhairt duit sa chéad bhliain (50% tar éis an chéad bhabhta scrúduithe agus an dara leath tar éis scrúduithe deireadh an chéadh bhliain, má éiríonn leat).

Tá an tacaíocht seo ar fáil dóibh siúd amháin atá le tosnú ar an gcúrsa i mbliana. Níl sé ar fáil dóibh siúd atá ag staidéar san ollscoil cheana féin.

Tacaíocht Scéim Chónaithe

Má chláraíonn tú le Scéim Chónaithe atá ag an ollscoil, is féidir linn tacaíocht €300 a thabhairt duit i dtreo costais lóistín agus cothaithe.

Ar fáil dóibh siúd a bheidh cláraithe ó Mheán Fómhair 2024.

Tacaíocht Cumann Gaelach

Má tá tú ar choiste cumann Gaelach na hollscoile, is féidir linn tacaíocht €150 a thabhairt duit tar éis duit bliain a chaitheamh ar an gcoiste.

Ar fáil dóibh siúd a bheidh ar an gcoiste ó Mheán Fómhair 2024.

Is scéim phíolótach í seo.

Tá liosta cúrsaí baitsiléireachta trí Ghaeilge ar fáil anseo.

Más spéis leat, bí i dteagmháil inn ag pleanteangaur@gmail.com nó 0872153671.

Tá tacaíocht ar fáil do chúrsaí iarchéime chomh maith, féach anseo.

Brí Uíbh Ráthaigh