Cúrsa le hOllscoil Luimnigh sa Chóitseáil Teanga (ar líne)

Dearadh an modúl seo chun tacú leis an gCóitseáil Teanga don Ghaeilge agus don Bhéarla san ionad oibre. Tacóidh idirghabhálacha cóitseála Gaeilge le forbairt seirbhísí ardchaighdeáin trí Ghaeilge agus le cur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla san earnáil phoiblí. 

Tá an cúrsa dírithe ar rannpháirtithe a bhfuil spéis acu foghlaim faoi conas tacú le foghlaim agus forbairt teanga san ionad oibre.

Tá tuilleadh eolais faoin gcúrsa anseo.
Clárú go dtí 14 Eanáir.
Costas: €750, ach b'fhéidir go bhfuil tú cáilithe do tháille laghdaithe €150 le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta.

Chun an tacaíocht seo a fháil cláraigh don chúrsa, líon an fhoirm seo agus seol chuig pleanailteanga@udaras.ie roimh 14 Eanáir.

Brí Uíbh Ráthaigh