Féile 'Aon Scéal' 2023
Féile ‘Aon Scéal’ 2023
22 - 24 Meán Fómhair 2023
Dé hAoine 22 Meán Fómhair
Súil le Muir
Ceann Bhólais, 11:00
(Busanna ag fágaint ón Leacht Chuimhneacháin sa Ghleann agus ó shráidbhaile Chill Rialaig.)
Ceol, Rince & Filíocht Caint ar stair agus oidhreacht an Stáisiúin Chósta Napoléonach
Áirthint – 0872931463
Beidh blaiseadh ó “Súil le Muir” ar RTÉ One @19:00 ar an gclár: Culture Night - Live at Dún Lúiche
Mic Oscailte
Halla Pobail Bhaile an Sceilg, 20:00
Mic Oscailte do phobal na háite le ceol agus cur i lathair, fé stiúir aoi speisialta – an Kerry Cowboy.
Tuilleadh eolais: Sailí 087 7080666 & Gerardette 087 9286449
Tae ag Taispeántas Maria Prymachenko
Halla Pobail Bhaile an Sceilg, 22:00
Taispeántas saothar ealaíne le hÚcránaigh atá ag cur fúthu i mBaile an Sceilg
Cruinne Comhthreomhar - áit a bhfuil Gaeilge ag gach duine
Trá Bhaile an Sceilg, 23:00 ar aghaidh
Amhráin, rince & ceol faoi na réalta leis an réalteolaí Caoimhín de Bhailís.
Béaloideas & seandálaíocht a bhaineann leis na réalta.
Ceol beo le Peter & Róisín Mullarkey
Bop Trá le DJ Mac an Rí
12 am - 1 am
Chéad amhrán na hoíche...Dubhgheallach & Barrtíde
Dé Sathairn 23 Meán Fómhair
Aon Scéal do Chách & REIC na nÓg
Trá Bhaile an Sceilg, 10:30 - 12:30
REIC na nÓg - an chéad léiriú riamh!
Fear an tí: Darragh Ó Caoimh
Ceardlann rince ar an sean-nós le Edel Ní Churraoin,
amhránaithe agus ceoltóirí óga áitiúla
Cártaí Tarot, Péinteáil Aghaidhe, Dánta Tubchumtha.
Seoladh leabhair a scríobh daltaí na scoileanna Gaeltachta i gcomhar le Fighting Words
Is í Niamh Ní Chróinín, láithreoir Cúla4, a sheolfaidh an leabhar.
Scéalta & Seanchais
Ionad Chill Rialaigh - 13:00 - 15:00
Muintir Uíbh Ráthaigh de gach aois ag caint agus ag cadráil
Fáilte roimh chách!
Meas na Mara
Ealaín ar an trá le Engagement Through Art
Trá Bhaile an Sceilg, 14:30 - 17:00
Tabhair leat do ráca féin chun tabhairt fé ealaín ar an dtráigh fé stiúr an ghrúpa Engagement Through Art.
Ealaín spreagtha ag scéalta Sheáin Uí Chonaill le cúnamh ó Jack Ó Donabháin Trá (Fair Seas Ireland).
REIC
Ionad Chill Rialaig, Dún Géagáin, 19:15
Oíche filíochta dátheangaí le bean an tí Ciara Ní É agus aíonna eile: filí Paddy Bushe & Darragh Ó Caoimh, amhránaithe Bláthín Mhic Canna & Piarais Ó Lorcáin, scéalaí Seán Ó Laoire agus mic oscailte
Dé Domhnaigh 24 Meán Fómhair
Tús le hÚllórd Poiblí
Ionad Chill Rialaigh, Dún Géagáin, 11:30
Caint le Irishseedsavers.ie agus tús a chur le húllord poiblí ag Gairdín an tSonais, i gcomhar le BEAG, grúpa timpeallachta pobail.
Más mian leatsa páirt a ghlacadh, bí ag caint le aonscealur@gmail.com.