Máistreacht i gCiarraí Theas ar €2,100

Táimid thar a bheith sásta a fhógairt gur thug Údarás na Gaeltachta cead dúinne, Brí Uíbh Ráthaigh, leath de tháille an chúrsa máistreachta le DCU sa Bhainistíocht agus Gnó Digiteach a bheith ar siúl in Uíbh Ráthach, a chlúdach do mhuintir Uíbh Ráthaigh.

Má tá tú i do chónaí in Uíbh Ráthach agus má chláraíonn tú don chúrsa MSc sa Bhainistíocht agus Gnó Digiteach, beidh táille €2,100 sa bhliain le n-íoc agat in ionad €4,200. Táimid buíoch d'Údarás na Gaeltachta as sin.

Tacaíochtaí eile:
Tá CLG na Mumhan agus Oifig na Gaeilge, Comhairle Contae Chiarraí ag tairiscint deontas €750 sa bhliain do dhuine i gCúige Mumhan atá bainteach le club CLG agus a shásaíonn critéir CLG na Mumhan agus do dhuine i gCiarraí ag sháshóidh critéir Oifig na Gaeilge i gComhairle Contae Chiarraí.

Is féidir an t-eolas is déanaí faoin gcúrsa a fháil amach ar www.briur.ie/ga/dcu.

Brí Uíbh Ráthaigh